CLEACHTADH 4: TREOIR DON PHOBAL

Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

Tá plé sna nótaí thíos ar chuid de na dúshláin chomhréire agus foclóra a bhaineann leis an téacs áirithe seo. Iarradh ort nótaí a bhreacadh síos faoi na dúshláin a bhí le sárú agat féin; seans láidir go bhfuil dúshláin bhreise le plé agat féin.

ACCIDENT REPORTING PROCEDURES1

An accident2 is an unplanned event3 which causes4 or has the potential5 to cause damage to people, equipment,6 products or the environment.7 In the event of an accident, a report8 will be written giving9 details of:

1. The name and address10 of those11 injured
2. Date and time of the accident
3. Place where the accident occurred
4. Detailed12 account of the incident
5. Name and address of witnesses (if any)13

The Health and Safety Authority will be notified, using FORM IR1, in the event of:
- An accident resulting in death14
- An accident that results in absence from work15 for a period of three days (not including day of accident)
- An accident that causes the death of, requires medical treatment to, a person not at work,16 including members of public.

The Health and Safety Authority will be notified, using FORM IR3, of any dangerous17 occurrence.

1. Is minic gur mar seo a aistrítear an teideal: GNÁSANNA TUAIRISCITHE TIMPISTÍ. Níl sé sin mícheart ach is deise, ó thaobh na stíle de, an tsraith focal a bhriseadh: GNÁSANNA MAIDIR LE TUAIRISCIÚ TIMPISTÍ (nó TIMPISTÍ A THUAIRISCIÚ).

Tá cinneadh le déanamh maidir le procedures chomh maith. Dhéanfadh nósanna imeachta an teideal níos casta ná mar is gá. B’fhearr leagan aonfhoclach mar gnásanna. Féach an difear idir GNÁSANNA MAIDIR LE TIMPISTÍ A THUAIRISCIÚ agus NÓSANNA IMEACHTA TUAIRISCITHE TIMPISTÍ, atá beagnach dothuigthe.

2. Tá rogha focal ann chun accidenta aistriú: timpiste, taisme, tionóisc. Cibé ceann a roghnófaí, ba cheart cloí leis ó thús deireadh an téacs.

3. Ní gan dua a dhéantar eventa aistriú. Roghnaíonn roinnt daoine ócáid agus imeacht ach sílim gur le ciall eile den fhocal eventa bhaineann siad sin: a planned public or social occasion, m.sh. ‘imeachtaí spóirt’ nó ‘ócáid cheiliúrtha’. B’fhearr leas a bhaint as focail mar tarlúint, teagmhas, agus fiú amháin eachtra.

4. B’fhearr gan cúisigh a úsáid sa chiall cause to happen. Iad siúd a léifeadh é sin, mheasfaidís gurto accusenó to charge atá i gceist, rud nach mbeadh aon chiall leis san abairt seo. Tá bealaí eile sa Ghaeilge chun causation a chur in iúl. Féach CÚISIGH sa bhunachar Cruinneas.

5. Focal úsáideach is ea poitéinseal (bíodh is nach dtugtar slán i gcónaí an difear idir é agus an aidiacht poitéinsiúil) ach ní theastaíonn sé san abairt seo. Níl ann ach go bhféadfadh timpiste dochar a dhéanamh. Féach ‘POTENTIAL’ A AISTRIÚ sa bhunachar Cruinneas.

6. Seachain gan treallamh a scríobh. ‘L’ amháin atá i lár an fhocail, de réir FGB.

7. Is minic a chuireann aistritheoirí tús mar seo ar an abairt Ghaeilge: ‘Timpiste is ea tarlúint neamhphleanáilte ar bith...’. Is leor Béarla a chur air sin le go bhfeicfear údar na débhríochta: Any unplanned event is an accident. Ní hé sin ciall an Bhéarla.

8. Féach TUAIRISC/TUARASCÁIL sa bhunachar Cruinneas.

9. B’fhearr gan ‘ag tabhairt sonraí’ a scríobh ansin ach geireann an Bhéarla a aistriú ar shlí eile. Féach AG MAR NASCsa bhunachar Cruinneas.

10. Ó tharla leagan iolra a bheith ag teacht sna sála air seo (those), measann daoine go gcaithfidh ‘ainmneacha agus seoltaí’ a scríobh i nGaeilge. Níl sin riachtanach. Féach IOLRA NÓ UATHA? sa bhunachar Cruinneas.

11. Is minic a scríobhtar ‘ainm agus seoladh iad siúd a gortaíodh’. Tá sin beagáinín cosúil le ‘cóta mé’ agus ‘teach é’ seachas ‘mo chóta’ agus ‘a theach’. Ní mór ainmfhocal a chur isteach: ‘ainm agus seoladh pé duine a gortaíodh’.

12. Bíodh is gur aidiacht bhriathartha é detailed, ní gá ‘mionsonraithe’ a scríobh i nGaeilge. Is fearr a thuigfí ‘mionchuntas’ nó a leithéid.

13. Baineann if any tuisle as go leor aistritheoirí. Seo cuid de na hiarrachtaí a dhéantar air:

– Ainmneacha agus seoltaí finnéithe (má bhí siad ann).

Más finnéithe iad, is cinnte go raibh siad ann agus go bhfaca siad an timpiste.

– Ainm agus seoladh na bhfinnéithe (más ann).

Ardaítear ceist ansin faoi rud éigin a bheith ann, ach cad é atá i gceist – finnéithe nó ainm agus seoladh?

– Ainmneacha agus seoltaí finnéithe (má bhaineann le hábhar).

Is cinnte go mbaineann an t-eolas sin le hábhar.

14. Ní hannamh a théann aistritheoirí in abar ansin. Bíonn ord na bhfocal iomrallach acu, go scríobhann siad leaganacha den chineál seo: ‘Timpiste a bhfuil toradh báis air.’ Má chuirtear Béarla air sin, is é atá ann: An accident that has a death result. Bíonn leaganacha fada strambánacha ann, mar shampla ‘tionóisc a bhfuil bás an té a gortaíodh de thoradh uirthi.’ Níl feidhm le habairt chomh casta leis sin nuair nach bhfuil i gceist ach bás de bharr timpiste.

15. Níl ‘neamhláithreacht ón obair’ mícheart. Go deimhin, is dócha gurb é sin an leagan a d’úsáidfí i ndoiciméad oifigiúil. Seans gurbh fhearr an teibíocht a sheachaint sa chás seo, áfach.

16. Caithfear a bheith faichilleach gan a thabhairt le fios go bhfuil an duine dífhostaithe.

17. Bíodh an litriú ceart: ‘dainséarach’.

Aistriúchán samplach Gaeilge
Ag seo thíos m’iarracht féin ar an téacs a aistriú. Ní mhaím gur aistriúchán foirfe é.

GNÁSANNA MAIDIR LE TUAIRISCIÚ TIMPISTÍ

Is é is timpiste ann ná eachtra a thiteann amach gan choinne agus a dhéanann dochar (nó a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh) do dhaoine, do threalamh, do tháirgí nó don timpeallacht. Má tharlaíonn timpiste, ní mór tuairisc a scríobh agus na mionsonraí seo a leanas inti:

1. Ainm agus seoladh na ndaoine a gortaíodh
2. Dáta agus am na timpiste
3. An áit ar tharla an timpiste
4. Mionchuntas ar an timpiste
5. Ainm agus seoladh cibé finnéithe a bhí ann.

Úsáid FOIRM IR1 chun an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta a chur ar an eolas faoi:
- Timpiste mharfach
- Timpiste is cúis le duine bheith as láthair ón obair ar feadh trí lá (gan lá na timpiste a chur san áireamh)
- Timpiste ina maraítear duine nach bhfuil ag obair san áit, nó ina gcaithfear cóir leighis a chur ar a leithéid de dhuine, daoine den ghnáthphobal san áireamh.

Úsáidfear FOIRM IR3 chun an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta a chur ar an eolas faoi eachtra chontúirteach ar bith.

 

Roinn an Post seo: