Cuir i gcás go gcaithfidh tú cóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an téacs seo thíos, i.e. gach botún litrithe agus gramadaí ann a cheartú. Tá leagan PDF den téacs le fáil anseo.

Más fearr leat cloí leis na nósanna a gcuirtear síos orthu in Forlíonadh Teanga agus Gramadaí leis an New English–Irish Dictionary (de rogha ar a bhfuil in Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil), cuimhnigh gur cheart a bheith leanúnach agus gan a bheith anonn is anall idir an dá fhoinse thagartha.

Modh oibre

  • Léigh an téacs uair amháin ó thús deireadh gan rud ar bith a mharcáil.
  • Léigh arís go cúramach é agus cuir líne faoi gach leagan a mheasann tú a bheith mícheart nó neamhchaighdeánach agus faoi gach leagan atá le seiceáil agat. Gabh siar ar an téacs nó ar chodanna de chomh minic agus is gá.
  • Cuimhnigh nach bhfuil stíl an téacs le hathrú. Seans go bhféadfaí an prós a fheabhsú ach ní chuige sin atáimid.
  • Léigh tríd an téacs arís agus breac an leagan ceart nó an leagan caighdeánach os cionn na líne nó ar thaobh an leathanaigh.
  • Más i rang nó i seimineár atá an cleachtadh á dhéanamh, bí réidh le do chuid ceartúchán a mhíniú.
  • Cuir d’iarracht féin i gcomparáid le Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 3.

Antoni Gaudí

Barcelona, 7 Meitheamh, 1926. Seanóir ag siúl go haonrach, gan chosúlacht ar bith air go raibh ceann scríbe ar a intinn aige ach é ar fhiarlaoid idir na tithe móra agus na siopaí faiseanta. Ag cúinne sráide, thug sé céim síos ón gcosán gan aird aige ar thrácht an bhealaigh mhóir. Níor airigh sé an tram go raibh sé sa mhullach air. Buille uafásach. Buille mharfach, go deimhin, bíodh is nár éag an seanduine ar an toirt.
   Chruinnigh na daoine thart air. Cuartaíodh pócaí a chasóige ag iarraidh cáipéis éigin a bhéarfadh fios a ainme do lucht an otharchairr ar ball. Deamhan cáipéis! Arbh fhéidir gur strainséir é – fámaire ó Pháras nó turasóir ó Mhaidrid? Ní go cionn trí lá níos déanaí, i ndiaidh an duine ghortaithe bás a fháil, a tuigeadh fírinne an scéil; bhí Antoni Gaudí, ailtire, dearthóir, ceannródaí, ar shlí na fírinne agus é in aois a cheathrú bliain is trí fhichid.
   Ní raibh moill ar a chóchathróirí a aithint go raibh laoch ar lár. A fhianaise sin an t-iomad daoine a lean an chónra go dtí an Aifreann éagnairce in eaglais La Sagrada Família, mar ar chaith Gaudí a dhua agus a dhúthracht uile ón mbliain 1914 i leith.
   Fear a bhí ann arbh fhurasta dó ollshaibhreas a charnadh, dá mbeadh a fhonn sin air. Cá raibh an t-ailtire ba mhó cáil ná é i measc sármháistirí na linne? Is amhlaidh gur shocraigh sé cromadh ar thógáil na heaglaise in ionad na gcoimisiún brabúsacha a bhí á dtairiscint ag baincéirí agus ceannaí na cathrach. Ba é a mhórmhian príomhchathair a dhéanamh de Barcelona agus teanga na Catalóine a chur i réim in athuair. B’ionann rún dá chuid carad go léir, beagnach, agus ní bhíodh leisc orthu an dearcadh náisiúnach sin a fhógairt don saol mór. Ba é an imní a bhí ar lucht aitheantas Gaudí, i mblianta deiridh a shaoil, ná go raibh sé imithe rófhada le hídéalachas agus le crábhadh. Ní gar a shéanadh go mbíodh cuma ghioblach air ná go gcuireadh sé a cholainn féin faoi bhrú uafásach oibre. 

Roinn an Post seo: