Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

3.1 Aicme nó ionannas?

Aidhm

Súil siar ar an dá struchtúr copaile atá clúdaithe go dtí seo.

Treoracha

  • Seinn na habairtí 1–10.
  • Is féidir ligean don rang a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Is féidir iarraidh ar na foghlaimeoirí na habairtí iomlána a scríobh, féachaint an éireoidh leo na focail a aithint agus a litriú mar is ceart.
  • Pléigh na habairtí. Cad é mar a d’aithin na foghlaimeoirí na habairtí aicme agus na habairtí ionannais seachas a chéile?

Freagraí

1. Is post dúshlánach é, gan amhras. Abairt aicme

2. Is í an Nollaig an tsaoire is fearr liom den iomlán. Abairt ionannais

3. Breandán? Duine deas, ach ní bainisteoir ar bith é. Abairt aicme

4. Nach mór an trua iad, na créatúir? Abairt aicme

5. Ní hiad na meáin shóisialta an áit is fearr don díospóireacht seo. Abairt ionannais

6. Ní hé an costas an fhadhb is mó, ná baol air. Abairt ionannais

7. An ábhar dóchais nó ábhar éadóchais é, dar leat? Abairt aicme

8. Maidir le Sorcha, is í peata a hathar í. Abairt ionannais

9. Is mór an rud é pas a fháil sa scrúdú sin. Abairt aicme

10. Ní saineolaí ar bith mise ach oiread. Abairt aicme

3.2 Ceist agus freagra

Aidhm

Míniú ar na cúinsí ina n-úsáidtear is ea/ní hea agus is é/ní hé.

Treoracha

Níl tasc le déanamh sa mhír seo ach is féidir tuilleadh samplaí a lorg ó na foghlaimeoirí féin, m.sh. ‘An buidéal uisce é sin?’

Má tá dáimh ar leith ag na foghlaimeoirí le Gaeilge Thír Chonaill, níor mhiste gné den chanúint sin a lua, i.e. gur ar éigean a úsáidtear is ea/ní hea ar chor ar bith, fiú más abairt aicme atá i gceist. Ó thaobh na foghraíochta de, ní i gcónaí a fhuaimnítear is é mar sé. I gceantair áirithe, deirtear rud éigin atá cosúil le séigh.

3.3 Ceist agam ort

Aidhm

Cleachtadh ar na freagraí is ea/ní hea agus is é/ní hé.

Treoracha

  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí a gcuid ceisteanna/ráiteas a scríobh.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na ceisteanna/ráitis. Ceartaigh mar is gá iad.

Thiocfadh tasc piareagarthóireachta a dhéanamh den tasc seo chomh maith. Moltar sin a dhéanamh i mbeirteanna, mar seo:

  • Iarr ar gach foghlaimeoir na ceisteanna/ráitis a scríobh go slachtmhar, mar beidh duine eile á léamh ar ball.
  • Nuair a bheidh an t-am istigh, caithfidh gach duine na ceisteanna/ráitis a thabhairt do dhuine eile agus glacadh le cuid oibre an duine sin.
  • Ceartóidh na foghlaimeoirí cuid oibre a chéile. Níor chóir dóibh rud ar bith a cheartú gan a bheith lánchinnte go bhfuil sé mícheart.
  • Lig do na foghlaimeoirí a gcuid nótaí/ceartúchán a phlé ina measc féin.
  • Pléifidh an rang iomlán na ceisteanna/ráitis ansin.

Freagraí samplacha

1. Ceist/ráiteas: An múinteoir í Louise?

Freagra: Ní hea. Dlíodóir is ea í.

2. Ceist/ráiteas: Is fada an lá ó bhíomar sa chathair.

Freagra: Is fada, cinnte.

3. Ceist/ráiteas: An é Dónall an mac is sine?

Freagra: Is é. Tá beirt deartháireacha níos óige ná é sa teaghlach.

4. Ceist/ráiteas: Nach Nuala Ní Dhomnhaill a chum ‘An Chéad Bhróg’?

Freagra: Ní hí. Máire Mhac an tSaoi a chum an dán sin.

5. Ceist/ráiteas: Chuala mé riamh gur duine uasal is ea é.

Freagra: Ó is ea, duine uasal gan amhras.

6. Ceist/ráiteas: An leatsa an carr sin amuigh?

Freagra: Ní liom.

7. Ceist/ráiteas: An iad Baile Átha Cliath is fearr sa pheil faoi láthair?

Freagra: Is iad. Níl foireann ar bith eile inchurtha leo.

8. Ceist/ráiteas: An fiú an praghas sin é?

Freagra: Ní fiú in aon chor é.

9. Ceist/ráiteas: An é Sliabh Dónairt an sliabh is airde in Éirinn?

Freagra: Ní hé ná baol air. Tá Carn Tuathail i bhfad níos airde na é.

10. Ceist/ráiteas: Is bréag amach is amach é sin.

Freagra: Ní hea, muise. An fhírinne ghlan atá ann.

Roinn an Post seo: