Tá leagan PDF den cheacht seo le fáil anseo. Tá nótaí ranga do mhúinteoirí, chomh maith le freagraí na ngníomhaíochtaí, le fáil anseo.

3.1 Aicme nó ionannas?  

Sa chéad dá rang, chuireamar eolas ar an abairt aicme agus ar an abairt ionannais. Míníodh na difríochtaí idir an dá chineál abairte, ach an aithneofá ceann acu seachas a chéile?

Má bhíonn tú in amhras, is minic is fiú an abairt a aistriú go Béarla. Alt éiginnte an Bhéarla (a, an) a bhíonn in abairtí aicme. An t-alt cinnte (the) a bhíonn in abairtí ionannais.

Abairt aicme Abairt ionannais
Is siopa daor é. (It's an expensive shop.) Is é an siopa is daoire ar an mbaile é. (It's the most expensive shop in town.)
Is tír mhór í an Fhrainc. (France is a big country.) Is í an Fhrainc an tír atá i gceist agam. (France is the country I have in mind.)

Seo tasc a chuideoidh leat dealú idir an dá chineál abairte:

  • Éist leis na habairtí 1–10. Cloisfidh tú gach abairt faoi dhó.
  • An abairt aicme nó abairt ionannais atá le cloisteáil? Cuir tic sa bhosca cuí.
  • Is féidir na habairtí iomlána a scríobh amach, más mian leat.
  • Pléigh do chuid oibre le duine eile sa rang. An bhfuil sibh ar aon aigne?
  • An féidir leat do chuid freagraí a mhíniú agus cur síos ar na comharthaí sóirt a bhaineann leis an dá chineál abairte?

3.2 Ceist agus freagra

Is eaní hea an freagra a thugtar ar cheist nó ar ráiteas nuair is abairt aicme atá i gceist:

  • An ceoltóir í siúd?

Is ea, gan amhras.

  • Nach amhránaí í chomh maith?

Ní hea ar chor ar bith. Is fidléir í.

  • Is Corcaíoch í, creidim.

Is ea, tá an ceart agat.

  • An deirfiúr le Síle Ní Dhrisceoil í?

Ní hea. Níl gaol ar bith eatarthu.

Nod don eolach

Léigh na habairtí samplacha sa tábla thíos. Feicfidh tú nach bhfuil siad díreach cosúil leis na habairtí aicme a chonaiceamar go dtí seo. Is amhlaidh atá aidiacht roimh an ainmní i ngach cás: is mór an náire, ní beag an méid airgid, nach deas an chulaith. Is minic a athraítear ord na bhfocal ar an dóigh sin, d’fhonn an aidiacht a threisiú.

Ní bheadh sé mícheart is eaní hea a thabhairt mar fhreagra ar cheisteanna agus ar ráitis den chineál sin. Bíodh sin mar atá, is coitianta go mór an aidiacht a athrá, mar atá léirithe sa tábla.

Ceist/ráiteas Freagra
Is mór an náire don Rialtas é! Is mór, gan amhras.
Ní beag an méid airgid sin! Ní beag, muise!
Nach deas an chulaith atá air? Is deas, cinnte.

An nós céanna a bhíonn ann i gcás na bhforainmneacha réamhfhoclacha liom, leat srl. Is gnách ceisteanna agus ráitis a fhreagairt leis an bhforainm réamhfhoclach cuí.

Ceist/ráiteas Freagra
Is linne go léir an teanga seo. Is linn, go deimhin.
An leatsa an teach úd thall? Ní liom, faraor.

Is é ní hé an freagra a thugtar ar cheist nó ar ráiteas nuair is abairt ionannais atá i gceist:

  • An í siúd an ceoltóir a bhain an comórtas?

Is í, gan amhras.

  • Nach í Amhránaí na Bliana í chomh maith?

Ní hí. Is fidléir í.

  • Is í láithreoir an chláir ‘Scoth an Cheoil’ í.

Is í, gan dabht.

  • An máthair Shíle Ní Dhrisceoil í?

Ní hí, go bhfios dom.

3.3 Ceist agam ort

Cum ceist nó ráiteas a oireann do na freagraí 1–10, de réir mar atá déanta sa sampla.

Freagra: Ní hé. Measaim gur Dún Éideann atá ann.

Ceist: Nach é Glaschú príomhchathair na hAlban?

  1. Ní hea. Dlíodóir is ea í.
  2. Is fada, cinnte.
  3. Is é. Tá beirt deartháireacha níos óige ná é sa teaghlach.
  4. Ní hí. Máire Mhac an tSaoi a chum an dán sin.
  5. Ó is ea, duine uasal gan amhras.
  6. Ní liom.
  7. Is iad. Níl foireann ar bith eile inchurtha leo.
  8. Ní fiú in aon chor é.
  9. Ní hé ná baol air. Tá Carn Tuathail i bhfad níos airde na é.
  10. Ní hea, muise. An fhírinne ghlan atá ann.
Roinn an Post seo: